Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

Soláthar seirbhísí grianghrafadóireachta agus físghrafadóireachta do Chomhairle Contae an Chláir

28 August 2023

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae an Chláir creat a bheidh comhdhéanta de sholáthraithe seirbhíse atá cáilithe go cuí a bhunú chun seirbhísí gairmiúla grianghrafadóireachta agus físghrafadóireachta a sholáthar do Chomhairle Contae an Chláir de réir mar is gá agus nuair is gá.

Is féidir le tairgeoirí tuilleadh faisnéise a fháil agus tairiscintí a chur isteach ag: https://www.etenders.gov.ie/epps/cft/prepareViewCfTWS.do?resourceId=2283570

Beidh seisiún faisnéise ar líne ar Microsoft Teams ar siúl d’aon tairgeoir féideartha ar mian leis freastal air ag 3.30pm Dé Céadaoin an 6 Meán Fómhair 2023 chun a thaispeáint do thairgeoirí féideartha conas is féidir leo clárú agus freagra tairisceana a chur isteach ar an ardán nua eTenders. Más mian leat na mionsonraí logála isteach le haghaidh an tseisiúin sin a fháil, seol ríomhphost chuig pressoffice@clarecoco.ie

Page last reviewed: 28/08/23

Content managed by: Corporate Services Department

Back to top